Free Delivery on Orders over €100

Ducheisteanna Mata Leabhar B

€20.00
SKU
9781906926526

Is féidir fótachóipeanna a dhéanamh den dá leabhar iontacha seo a fhorbróidh scileanna réitigh fadhbanna agus foghlaim chomhoibríoch daltaí sa tomhas, san uimhreas, sa chéimseata, san ailgéabar agus sa staitistic.

  • DÚCHEISTEANNA: LEABHAR A, díríonn an leabhar seo ar réiteach comhoibríoch fadhbanna sa Tomhas agus sa Chéimseata
  • DÚCHEISTEANNA: LEABHAR B, díríonn an leabhar seo ar réiteach comhoibríoch fadhbanna san Uimhreas, san Ailgéabar agus sa Staitistic

Tá réimse straitéisí in Dúcheisteanna a chabhróidh le daltaí bheith níos éifeachtaí i ngrúpaí mar réiteoirí fadhbanna. Oibríonn na daltaí i ngrúpaí ceathrair le bheith in ann plé agus réiteach a dhéanamh ar a lán de na fadhbanna atá san áis. Chun na ceisteanna a fhreagairt is gá do dhaltaí tuiscint a bheith acu ar choincheapa matamaiticiúla agus teanga mhatamaiticiúil agus cabhraíonn na ceisteanna leo cur chuige cruthaitheach a fhorbairt agus a dtuiscintí á gcur i bhfeidhm acu ar ghnáthimeachtaí lae ina bhfuil an mhatamaitic in úsáid.


Tá baint ag na gníomhaíochtaí leis na snáitheanna:


  • Uimhreas
  • Ailgéabar
  • Tomhas
  • Céimseata
  • Staitistic


Forbraíonn na gníomhaíochtaí seo na próisis mhatamaiticiúla atá fite fuaite sna snáitheanna seo.


Ar fáil sa tsraith seo freisin:


  • DÚCHEISTEANNA: LEABHAR A, díríonn an leabhar seo ar réiteach comhoibríoch fadhbanna sa Tomhas agus sa Chéimseata
  • DÚCHEISTEANNA: LEABHAR B, díríonn an leabhar seo ar réiteach comhoibríoch fadhbanna san Uimhreas, san Ailgéabar agus sa Staitistic


More Information
SKU 9781906926526
ISBN 9781906926526
Publisher Resource
Write Your Own Review
You're reviewing:Ducheisteanna Mata Leabhar B
Your Rating
Copyright © 2013-present Magento, Inc. All rights reserved.