Is é I nGrá Dé an tsraith Oideachas Reiligiúnach nua do bhunscoileanna
in Éirinn. Chun cuidiú le curaclaim nua, ceadaithe ó Chomhdháil Easpag
na hÉireann a thabhairt isteach, cuirfear I nGrá Dé ar fáil in ionad Beo
go Deo, sraith a tugadh isteach don chead uair i 1997. Leanfaidh an
t-athsholáthar seo ar feadh ceithre bliana amach anseo.
Tá gach clár sa tsraith I nGrá Dé roinnte i dtéamaí, a thugann deis do
mhúinteoirí déileáil leis na téamaí éagsúla agus baint a thógáil as
pleanáil agus comhtháthú traschuraclaim i múineadh an Oideachais
Reiligiúnaigh. Tá na téamaí éagsúla deartha le go leanfaidís idir dhá
agus ceithre seachtaine. Chomh maith le Nótaí an Mhúinteora agus na
bileoga oibre i Lámhleabhar an Mhúinteora (ar féidir fótachóip a
dhéanamh dóibh), cuirfear sraith chuimsitheach d’acmhainní ar líne ar
fáil saor in aisce freisin, lena n-áirítear léaráidí a théann le gach
scéal, gearrthóga físe agus naisc ghréasáin le haghaidh tuilleadh
staidéir.
Gach seachtain, iarrfar ar thuismitheoirí agus ar bhaill teaghlaigh
cabhrú lena gcuid páistí rud éigin a bhaineann leis an chlár a dhéanamh
sa bhaile. Ar an gcúis sin, cuirfidh leabhar an pháiste, I nGrá Dé,
léaráidí, scéalta, dánta agus gníomhaíochtaí do theaghlaigh ar fáil, le
déanamh le chéile sa bhaile. Tabharfar cuireadh do thuismitheoirí agus
do leanaí freisin, labhairt agus guí a dhéanamh faoin méid a bhfuil á
fhoghlaim acu ar scoil.
SKU | 9781847309655 |
---|---|
ISBN | 9781847309655 |
Publisher | Veritas |