The store will not work correctly when cookies are disabled.
We use cookies to make your experience better.To comply with the new e-Privacy directive, we need to ask for your consent to set the cookies. Learn more.
Téacsleabhar spreagúil sothuigthe do dhaltaí na Gaeilge Gnáthleibhéil
Cur chuige comhtháite téamach i gcás ábhar an chúrsa mar a mholann AnRoinn Oideachais agus Scileanna agus na cigirí
Nótaí agus freagraí samplacha don fhilíocht, phrós agus don cheapadóireacht
Cuidíonn na léaráidí agus na léirithe grafacha le foghlaimeoirí físiúla an fhilíocht agus an prós a thuiscint
Cuireann ábhar dílis mealltach agus tráthúil le beocht na míreannaCeapadóireachta agus Léamhthuisceana
Meallann na modheolaíochtaí gníomhacha foghlama, amhail obair bheirte, obair ghrúpa agus diancheistiú na daltaí agus forbraíonn siad a gcuid scileanna cainte
Cuidíonn na Naisc idirlín agus na Míreanna Físe le hidirghníomhaíocht TFC agus clos-amhairc leis an teanga a chur chun cinn
Cúinne litearthachta ina bhfuil béim ar fhorbairt stór focal an dalta
Deiseanna measúnaithe chun foghlama (AfL) agus féinmheastóireachta
Caibidil ina ndírítear ar an scrúdú agus ina bhfuil nótaí agus leideanna faoi gach gné den scrúdú gnáthleibhéil
Acmhainní SAOR IN AISCE do Dhaltaí
Leabhrán don Scrúdú Cainte agus Cluastuiscintí Breise ina bhfuil:
Script thrí bhréagscrúdú cainte lánfhada
Nótaí agus leideanna faoi eochairfhrásaí don scrúdú cainte
Spás do nótaí na ndaltaí agus iad ag ullmhú don scrúdú cainte
Cluastuiscintí breise
Leabhrán faoin tSraith Pictiúr a phléitear sa scrúdú cainte
Dhá CD do dhaltaí a bhfuil na trí bhréagscrúdú cainte agus an t-ábhar clustuisceana ó na haonaid orthu