The store will not work correctly when cookies are disabled.
We use cookies to make your experience better.To comply with the new e-Privacy directive, we need to ask for your consent to set the cookies. Learn more.
Soláthraíonn Bua na Teanga ullmhúchán agus cleachtadh den scoth do bhéaltriail agus do chluastuiscint na hArdteistiméireachta.
Agus an saibhreas foclóra/frásaí atá ann, chomh maith le freagraí
samplacha, noda an scrúdaitheora agus comhairle phraiticiúil, tógfaidh
an lámhleabhar seo go muiníneach thú trí na scrúduithe cainte agus
cluastuisceana.
I measc a phríomhghnéithe tá:
Lámhleabhar cuimsitheach don bhéaltriail agus don chluastuiscint (scrúduithecluastuisceana Ardleibhéil agus Gnáthleibhéil 2014–2019 san áireamh)
Freagraí samplachaH1 agus comhairle faoin gcaoi ar féidir ardmharcanna a bhaint amach
Tugann Noda an Scrúdaitheora léargas ar an gcaoi a mbaintear amach ardmharcanna
Clúdach den scoth ar thopaicí agus ar stór focal
atá cothrom le dáta, ábhartha agus aois-oiriúnach (an teaghlach, an
scoil, an teicneolaíocht, caithimh aimsire, an Ghaeltacht, an
Breatimeacht, an comhshaol, sláinte, oideachas, srl.)
Tá na téamaí go léir forbartha go maith agus tá stór focal breise leo
Tugtar eochairfhocail, briathra agus frásaí úsáideacha ag tús gach caibidle chun comhthéacs a sholáthar agus chun muinín a chothú
Déanann na Cuntais shamplacha ag deireadh na gcaibidlí téamaí a fhorbairt a thuilleadh agus tá siad úsáideach freisin le haghaidh aistí Gaeilge
Déanann cleachtaí aistriúcháin foclóir agus gramadach a dhaingniú, agus feabhsaíonn siad scileanna léitheoireachta
Cuireann na ‘freagraí le comhlánú’ uirlis athbhreithnithe den scoth don scrúdú ar fáil
Rannóg chluastuisceana den scoth agus na heochairfhocail chuí ar fáil do gach cluastuiscint chun focail a mhúineadh roimh ré