Caint is Comhrá 5 - Portfolio Book Only
Portfolio Book
Each Caint is Comhrá textbook is accompanied by an excellent portfolio book.
The portfolio book includes:
• All writing genres, extensively modelled for use on the whiteboard.
• A spelling programme linked to the theme of each unit.
• Listening activities that relate to the story in each unit.
• Extra grammar and comprehension work.
• Extra word study and phonics.
• A clear record of the pupil’s work for the year.
Is é Caint is Comhrá 5 an chéad leabhar as péire i gCéim a Ceathair den chlár Caint is Comhrá. Tagann an clár seo go hiomlán le riachtanais Curaclam Nua Teanga na Bunscoile.
Cumadh na scéalta i ngach aonad go cúramach sa chaoi is go bhfaigheann na páistí taithí ar réimse leathan de na seánraí léitheoireachta. Tá na scéalta céimnithe, rud a éascaíonn dul chun cinn i rith na scoilbhliana.
• Tá cúig aonad déag agus trí aonad súil siar i ngach Príomhthéacsleabhar.
• Scríobhadh gach gné den chlár le cinntiú go bhfuil gach cuid den aonad comhlántach agus i gcomhthéacs.
• Leagtar béim ar na heochairfhocail tríd an gclár ar fad.
• Tacaíonn réimse iontach de ghníomhaíochtaí idirghníomhacha ar líne leis na pointí foghlama atá i ngach aonad, ar bhealach spraíúil, spreagúil.
• I ngach aonad tá pointí múinteoireachta agus gníomhaíochtaí treoraithe, a dhéanann forbairt ar aithint focal, tuiscint, fónaic, forbairt teanga ó bhéal, gramadach, litriú agus na seánraí scríbhneoireachta.
Tá Portfóilió ag dul le Caint is Comhrá 5. Treisíonn an Portfóilió an tuiscint, an foclóir, an staidéar ar fhocail/fónaic, an ghramadach agus an litriú atá déanta sa Phríomhthéacsleabhar.
• Clúdaíonn an Portfóilió na seánraí scríbhneoireachta uile. Is gné ar leith é sin.
• Tá na seánraí scríbhneoireachta ar fad múnlaithe sa chaoi is gur féidir iad a úsáid ar an gclár bán idirghníomhach.
• Taispeánann an Portfóilió taifead soiléir d’obair an pháiste i rith na bliana.
Tá leabhrán do Mheasúnú ar Phróifíl Aonair ar fáil freisin chun taifead a choinneáil ar dhul chun cinn an pháiste.
SKU | 9780714430485 |
---|---|
ISBN | 9780714430485 |
Publisher | C.J.Fallon |
Write Your Own Review