Tagann Mol an Óige 1 (Bliain a 1) go hiomlán le Sonraíocht Gaeilge na Sraithe Sóisearaí (T2), Creat na Sraithe Sóisearaí agus na Treoirlínte Measúnaithe don Ghaeilge.
- Tosaíonn gach aonad le píosa litríochta as a n-eascraíonn téama an aonaid.
- Tosaíonn gach rannóg le liosta Torthaí Foghlama a bhaineann leis na trí shnáithe; is iad seo na torthaí cuí i gcás na rannóige sin.
- Tá na Torthaí Foghlama briste síos ina gcuspóirí foghlama atá éasca do na daltaí a thuiscint.
- Scagann gach aonad an téama cuí le réimse tarraingteach gníomhaíochtaí a áiríonn na cúig scil a chuidíonn le Cumas Cumarsáide an dalta: éisteacht, léitheoireacht, ginchumas labhartha, idirghníomhaíocht labhartha agus scríbhneoireacht.
- Cuireann na rannóga Cur i Láthair ábhar, foclóir agus modhanna ar fáil do na daltaí a chuideoidh leo cur i láthair a dhéanamh ar réimse topaicí.
- Déantar tagairt don Measúnú chun Foghlama (McF) go rialta (féinmheasúnú, obair bheirte, obair ghrúpa, etc.).
- Déanann daltaí gníomhaíochtaí a leagann an bhunsraith don Mheasúnú Rangbhunaithe a dhéanfaidh siad i mBliain a 3.
- Is féidir leis na daltaí féinmheasúnú a dhéanamh le linn na foghlama leis na seicbhoscaí ‘Féinfheasacht an fhoghlaimeora: Féinmheasúnú’, rud a ligeann dóibh cúnamh a lorg nó a ndul chun cinn a roinnt leis an múinteoir.
- Pléitear gnéithe éagsúla de chultúr na hÉireann agus saol na Gaeltachta sna haonaid.
- Múintear an ghramadach i mbealach comhtháite sna haonaid ar fad, agus tá aonad gramadaí ann freisin a chinntíonn feasacht teanga.
- Tá tascanna agus gníomhaíochtaí Punainne ar fáil i ngach aonad le go mbeidh na daltaí in ann an méid atá foghlamtha acu a úsaid agus machnamh a dhéanamh ar a dturas teanga.
SKU | 9780717185764 |
---|---|
ISBN | 9780717185764 |
Publisher | Gill |
Write Your Own Review