The store will not work correctly when cookies are disabled.
We use cookies to make your experience better.To comply with the new e-Privacy directive, we need to ask for your consent to set the cookies. Learn more.
Clúdaíonn Tá Gaeilge Agam! 2 gach gné de
chúrsa Gaeilge na Sraithe Sóisearaí idir theanga agus litríocht. Seo mar
a fhreagraíonn leagan amach an leabhair do na trí shnáithe.
Snáithe 1: Cumas Cumarsáide
Na Bunchlocha– Sna Bunchlocha, leagtar síos
bunsraith na foghlama agus múintear an teanga atá riachtanach chun plé
le hábhar agus le topaicí an aonaid.
An Taifead Pearsanta– Insíonn na daltaí ‘a scéal
féin’ sa Taifead Pearsanta trí úsáid a bhaint as na Bunchlocha.
Coinníonn siad an ‘taifead’ seo agus is féidir leo filleadh air arís
agus arís eile agus iad i mbun tascanna ranga, tionscnamh agus cur i
láthair.
Seo Linn!– Sa roinn seo, forbraíonn na daltaí a
gcuid scileanna léitheoireachta, scríbhneoireachta agus labhartha ar
bhealach cumarsáideach idirghníomhach.
Éistimis!– Sa roinn seo, cuireann na daltaí lena
scileanna cluastuisceana, lena ngabhchumas teanga agus lena dtuiscint ar
an teanga labhartha agus ar chanúintí na Gaeilge.
Snáithe 2: Feasacht Teanga agus Chultúrtha
Cúinne na Gramadaí– San aonad seo, déanann na
daltaí iniúchadh ó thaobh na gramadaí ar na struchtúir nua atá
foghlamtha acu. Tugtar an cleachtadh cuí dóibh chun na struchtúir a
shealbhú.
Cúinne an Chultúir– Déantar nasc idir ábhar an aonaid agus gné de chultúr na Gaeilge sa roinn seo.
Cúinne na Filíochta– Cuirtear dán nó amhrán ón liosta ainmnithe faoi bhráid na ndaltaí sa roinn seo.
Snáithe 3: Féinfheasacht an Fhoghlaimeora
An Punann: Féinmheasúnú agus Logaí Foghlama –
Scrúdóidh na daltaí a gcuid foghlama féin sa roinn seo. Déanfaidh siad
machnamh faoi threoir ar an dul chun cinn atá déanta acu go dáta. Ar an
mbealach seo beidh siad in ann a gcuid aidhmeanna pearsanta foghlama a
leagan amach.
Súil Siar ar Obair na Chéad Bhliana – Sna míreanna
teagaisc seo caitear súil siar ar na topaicí bunúsacha a chlúdaítear sa
bhunscoil agus sa chéad bhliain iarbhunscoile (Mé Féin, Mo Theaghlach, Mo Scoil, Mo Chuid Caitheamh Aimsire srl.).
Topaicí iad seo atá riachtanach do na tascanna ranga agus do na
tionscnaimh agus na cuir i láthair a dhéanfaidh na daltaí mar chuid de
Mheasúnú Rangbhunaithe (MRB1) agus den Tasc Cumarsáideach (MRB2) sa tríú bliain.
Litríocht Pléitear dhá ghearrscéal, dráma amháin agus cúig dhán/amhrán ón
liosta litríochta. Cuireann na cleachtaí treoraithe ar chumas na
ndaltaí léirmheasanna pearsanta cumarsáideacha a dhéanamh ar an
litríocht do Mheasúnú Rangbhunaithe 1. Tá foclóir comhthreomhar taobh
leis an téacs d’fhonn cuidiú leis na daltaí gach saothar a léamh ar a
gcompord. De bhreis air seo, tugtar achoimre chomhthreomhar
Gaeilge/Béarla ar an dráma agus ar an dá ghearrscéal.